Bhí sé in am gad a chaiteamh trasna.
"Aire den ghad" adeir Páidín.
"Scaoil anall é," adeir Beartla.
Chuir Páidín uaidh an gad sall thar mhullach an bhoird.
"Bfhuil sé agat?" adeir sé le Beartla.
Ruaig an ghaoth amach chun cinn an ceann gaid. Thit sé trasna ar bhrollach Cháit. Shín sí ar Beartla é.
"Bhfuil sé agat, a dhuine?" adeir Páidín arís go feargach.
Níor labhair Beartla. Sé an caoi ar theangaigh a mhéaraha le droim
láimhe Cháit agus é ag glacadh an chinn ghaid uaithi. Do phreab sé de bharr na teanghabhála. Do phreab Cáit fresin. Tháinigh míobhán ar an mbeirt acu. Tháinigh meisce orthu freisin de bharr an teaspaigh a chuir an teangabháil ina bhfuil. Scaoileadar uathu an ceann gaid. Rugadar greim dhá láimh ar a chéile go docht. Sheasadar brollach le brollach. Bhíodar ag craitheadh ó cheann go cois. Bhí a ngruanna faoi lasadh.
D'fhannadar mar sin nó go bhéic Páidín arís.
"Ce an diabhlaíocht atá anois ort, a dhailtín?" adeir an seanfhear.
Scaoil Beartla uaidh Cáit agus rug sé ar an gceann gaid. Chuir sé timpeall ar fhiacal tóna an chléibh é. D'fháisc sé ansin é. Chaith sé trasna an dara gad.
"Seo agat é," d'fhógair sé ar Phádín.
Nuair bhí an dara gad feistithe ag Páinín, rith sé anall go dtí Beartla.
"Níl ionat ach deargdailtín!" adeir sé. Ba cheart an maide thabhairt duit."
"Bailigh leath" adeir Beartla "Ná abair aon cheo a cuirfeadh aiféala ar ball ort. Bailigh leath, adeirim."
"Fan amach ó m'inín," a deir Páidin "nó cuirfidh mé an píce trií do bhaithis."
D'imigh an lasair as súile Bheartla agus é ag breathnú ar an seanfhear. Tháinigh boigeacht ina ghnúis. Ba cladaire é an buchsill breá úd.
Chrom sé a cheann agus shéas sé go humhal macánta os comhair Pháidín Pheadair.
"Bacach," adeir Páidín" deargbhacach!"
Chuaigh sé timpeall ar an láir. Bhreathnig Beartla ar Cháit . Bhí sise ag dearcadh air agus impí ina súile, ag cur in iúl dó go raibh sí toilteanach le pé rud bhí riachtanach a dhéanamh chun a ngrá a chur i bhfeidhm. Ach ní raibh i súile an ógánigh ach cladhaireacht agus umlacht. Do chreathnaigh Cáit agus d'iompaigh sí droim leis.
Shín sé amach a lámh agus theangaigh sé lena ghuailinn. Chreathnaigh sí arís ach níor iompaigh sí ar ais chuige. Ansin rinne sé eascaine agus d' aimsigh sé a phíce.
Teangabháil 007
Choinnigh an bheirt fhear orthu ag lIonadh agus ag caitheamh gad
nó go raibh seaneire mhaith teann os cionn srathrach acu.
"Biiligh leath anois" adeir Páidín nuair a bhí an bord sách feistithe.
"Dean deabhadh"
Thóg Beartla an t-adhastar ó Cháit. Níor bhreatnaíodar ar a chéile an t-am seo. Shiúil sí anonn go dtí an t-ulán comh luath agus a bhí an t-adastar as a láimh. Thóg Beartla slat mara as an gcoca agus chuir sé lámh sa mbord. Chraith sé an tslat os comhair cinn na lárach.
"Gab amach!" adeir sé "Bog leat!"
Chuaigh an láir chun siúil go righin, méachan an ualaigh ag cur a cos i bhfad síos tríd an ngaineamh bog. Rinne sí a bealach suas isteach, idir cocaí feamainne na ndaoine, ag ardú suas go dtí an guaire.
"Gabh amach, anois," adeir an t-ógánach léi agus é ag craitheadh an t-slat mara. "Coinnigh ort, adeirim."
D'ardíodar suas thar an nguaire, túr dearg fliuch ag gluaiseacht ar cosa fada bána agus ógánach caol ard a threorú.. Chuadar as amharc taobh thall den ghuaire agus iad ag déanamh ar an ngarraí creag a bhí á leasú.
"An deargbhacach!" adeir Páidín agus é ag dearcadh i ndiaidh an ógánaigh.
Shéas sé ag breathnú nó go ndeachaigh ceann dearg an túir as amharc.
"Sea anois!" dúirt sé ansin leis féin, "Cuirfidh mise deireadh lena chuid seafóide."
Chuaigh sé soir an trá go dtí an áit in a raibh Marcas Seoigeach ag obair.
"Cogar!" adeir sé le Marcas.
Fear mór laidir é Marcas Seoigeach agus mullach dearg gruaige air. Chuaigh sé féin agus Páidin ar foscadh faoi choca feamainne. Lasadar an píopa.
"Bhí tú caint ar chleamhnas scathamh ó shoinn ," adeir Páidín.
"Bhíos," adeir Marcas " bhí mé ag cuimhniú ar an dara mac sin agam, ar Mhaidhc Dearg."
"Togha fir, bail Dé air," arsa Páidín. "Ní ar Mhaidhc bhí aon locht agam,ach ar an airgead beag bhí rún agat thabhairt dhó."
"M'anam, nach airgead suarach dhá chéad go leith,"adeir Marcas.
"Airgead an-suarach ar fad," adeir Páidín "agus é ag fáil dhá chnagaire go leith, chomh maith leis an gcailín óg is dathúla san áit."
"Céard tá uait, a dhaoine?" adeir Marcas "Saibhreas Mheireacá, an é?"
"Cuir céad eile ar mo bhois," adeir Páidín ,"agus ní cuirfidh mé aon chaidéis ar an ábhar tairb sin agat, é seo bhí mé iarraidh an lá cheana."
"Céad eile?" arsa Marcas "A rí na ndiabha! Dar ndóigh......."
Teangabháil 008
Nuair a chrom Cáit ar an mangarae beag a bhí scartha ar an naprún faoin ulán, ag braith ar é a bhailiú suas, ní raibh sí i ndon an rud ba lú a chrocadh. Ní raibh spreacadh féileacáin faghta ina corp ag an dobrón a thit uirthi nuair a chonaich sí an chlaidhreacht agus an umhlacht i súile Bheartla. Shuigh sí ar a gogaide. Chuir sí a lámha os comhair a haghaidh agus thosaigh sí ag gol. Tháinigh a spreacadh ar ais nuair bhí roinnt caoineacháin déanta aici.Chrap sí suas an mangarae agus rinne si burla de ina naprún,timpeall ar a lár. D'fheistigh sí a seacéad agus thug sí an bóthair abhaile di féin.
Ag gabhail soir an trá chuaigh sí thar a hathair agus é ag comhrá le Marcas Sheoigeach faoin gcoca. Bhí an bheirt acu an-ghar dá chéile anois. Bhíodar ag bualadh doirn ar bhois, ag tabhairt gualann dá chéile agus ag roinnt an phíopa tar éis gach uile dhara focal.
"Aie! Dia dhá réiteach!" adeir Cáit léi féin. "I bhfad uaim an anachain!"
Thuig sí go maith go raibh an cleamhnas i ngar dá bheith déanta acu agus ní raibh le réitheach ach fíor-bheaghán.
"O, a Thiarna Dia!" adeir sí agus í ag gabháil soir " Tá mé díolta acu mar bheadh banbh muice."
C'ardaigh dí an guaire agus rinne sí uirthi suas ó dheas, ag déanamh ar an mbaile. Is gearr gur tháinigh múr eile cloch sneachta. Chuaigh sí ar foscadh faoi chlaí ard. D'fhan sí scatham ag breathnú uithi, méar idir fiacla aici, gan dada in a h-intinn.
Ansin chuimhnigh sí go tobann ar Beartla. Phreabh sí mar bhuailfí buille uirthi. Leathnaigh a súile.
Ar dtúis chuimhnigh sí ar theangabháil a láimhesean lena láimh agus ar theangabháil a bhrollaigh lena brollach. Chuimnigh sí ar an meisce a chuir an teangabháil sin ag gluaiseacht trína fuil.
Ansin do chuimnigh sí ar an chladaireacht a chonaic sí ina shúile.
Tháinigh dólás ifrinn ar a hanam leis an dara chuimhniú, ma ba soiléir di gurb é an chéad teangabháil an teangabháil dheireannach. Tháinigh scread go dtí béal a scornaí, ach ní dheachaigh sí níos faide aníos. Bhí an dólás seo ró-dhoimhin anois le haghaidh caoineacháin.
Níor rinne sí ach breathnú ar chlaí thall an bhóthair agus ar na cloca fuara geala bhí ag gabháil go borb ar na cloca fliucha glasa.